Coláiste Íosagáin

Comhbhrón le Muintir de Barra ar bhás Fhionnghuala de Barra

Condolences le muintir de Barra on the death of Fionnghuala de Barra
04-Aibreán-21
Comhbhrón le Muintir de Barra ar bhás Fhionnghuala de Barra

Déanann pobal Choláiste Íosagáin comhbhrón le muintir de Barra ar bhás Fhionnghuala de Barra aréir.

Thosaigh Fionnghuala de Barra i gColáiste Íosagáin sa bhliain 1973 nuair a fostaíodh í mar mhúinteoir Fraincise. Sna blianta ina dhiaidh sin chuir sí bunús iontach leis an bhFraincis, ní amháin i gColáiste Íosagáin ach i gColáiste Eoin mar ar mhúin sí Fraincis do na ranganna sinsearacha. Mhúin sí Gearmáinis chomh maith agus d'eagraigh sí turais scoile go rialta do dhaltaí na scoile. Ina theannta sin, rinne sí traenáil ar fhoirne camógaíochta na scoile agus bhí baint aici le club rianadóireachta a chur chun cinn i gcomhpháirt le baill eile d'fhoireann na scoile, chun an réimse imeachtaí eischuraclaim a leathnú do na daltaí.

Ceapadh ina príomhoide í sa bhliain 1989 agus d'fhan sí sa phost sin go dtí go ndeachaigh sí ar scor sa bhliain 1993. Ainmníodh í ina cathaoirleach ar an mBord Bainistíochta i 1993 agus d'fhan sí sa ról sin go dtí 2018. Bhí sí ina ball den Bhord ó shin.

Ba cheannródaí oideachais í Fionnghuala a chuir modhanna nuálacha múinteoireachta chun cinn. D'oibrigh sí leis an Roinn Oideachais mar chomhairleoir páirtaimsearta do mhúinteoirí Fraincise ag cur béim ar an teanga labhartha a úsáid níos mó sa seomra ranga.

Ba bhean thuisceanach, uasal, chineálta í Fionnghuala a raibh tionchar aici ar dhaltaí, ar thuismitheoiirí agus ar mhúinteoirí agus a léirigh meas ar chuile dhuine faoina cúram. Chreid sí go láidir sa Ghaeloideachas agus bhí sí dílis agus tiomanta do luachanna na scoile agus na Críostaíochta. Thug Fionnghuala de Barra seirbhís 50 bliain nachmór do Choláiste Íosagáin agus is fearrde sinn dá barr. Ní bheidh a leithéid arís ann.

Suaimhneas síoraí dá hanam uasal.

No events found
Leanaigí Sinn
14-Már-2024
Bíodh Craic agus Ceol agaibh ag Lón Chairde Choláiste Eoin-Íosagáin!
29-Feabh-2024
Eolas ón gCruinniú
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Íosagáin