Coláiste Íosagáin

Díospóireachtaí / Debating

Díospóireachtaí / Debating

Glacann an scoil páirt i gcomórtais díospóireachta sa Ghaeilge (Gael Linn), sa Fhraincis, sa Bhéarla agus sa Ghearmáinis beagnach gach bliain.

Roghnaíonn na múinteoirí na cainteoirí trí dhíospóireachtaí ranga nó trialacha tar éis am scoile. Oibríonn múinteoirí leis na foirne chun iad a ullmhú do na babhtaí éagsúla ag am lóin, tar éis am scoile nó ar uaireanta ag an deireadh seachtaine. Is minic a bhaineann foirne na scoile craobhacha réigiúnda nó craobh na hÉireann amach.

Sa chomórtas ag Gael Linn, bíonn cead ag daltaí ó bhliain a 2 nó a 3 cur isteach ar chomórtas na sóisear, agus bliain 4 nó 5 agus uaireanta 6 ar chomórtas na sinsear.

Bhuaigh an scoil Craobh na hÉireann sa chomórtas sóisearach ag Gael Linn sa bhliain 2003 agus Craobh na nÉireann sa chomórtas Gearmáinise (i bpáirt le Coláiste Eoin) sa bhliain 2010. Bhuaigh an scoil Craobh na hÉireann sa chomórtas Fraincise i 2018. Shroich foireann na sóisear Craobh na hÉireann i nDíospóireacht Uí Chadhain sa bhliain 2019.

Bíonn an-chuid oibre i gceist leis an ullmhúchán do na díospóireachtaí agus déantar iarracht an t-ábhar díospóireachta a nascadh leis an obair ranga do bhliain a 3 agus bliain a 5 go háirithe. Go minic eagraítear díospóireachtaí idir ranga nó le Coláiste Eoin le cabhrú leis an ullmhúchán.

Freastalaíonn lucht tacaíochta ar an gcuid is mó de na babhtaí díospóireachta. Tugann sé seo deis do dhaltaí nach bhfuil ar an bhfoireann caighdeán ard díospóireachta a fheiceáil agus páirt a ghlacadh ón lucht féachana. Is minic a spreagann an taithí seo daltaí le páirt a ghlacadh iad féin níos déanaí sna díospóireachtaí Gaeilge nó sna teangacha eile.

Creidimid go gcuireann an taithí a fhaigheann daltaí ar an díospóireacht sa mheánscoil go mór lena bhféinmhuinín agus lena gcumas páirt ghníomhach a ghlacadh i saol na hollscoile agus sa saol poiblí amach anseo.

No events found
Leanaigí Sinn
14-Már-2024
Bíodh Craic agus Ceol agaibh ag Lón Chairde Choláiste Eoin-Íosagáin!
29-Feabh-2024
Eolas ón gCruinniú
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Íosagáin