Coláiste Íosagáin

Focal ón Leabharlannaí

Fáilte:

Dia daoibh agus fáilte chun na leabharlainne! Is mise Claire Ní Neachtain agus is mé an leabharlannaí lán aimseartha anseo i gColáiste Íosagáin agus Coláiste Eoin. Tá an leabharlann ag dul ó neart go neart, bliain i ndiaidh bliana agus tá sí anois mar phríomh-pháirt de thaithí foghlama na scoláirí.

Ar ghnáth-lá sa leabharlann bíonn réimse mór imeachtaí ar siúl, le seisiúin léitheoireachta Béarla, ceardlanna scileanna taighde don stair, cuir i láthair tíreolaíochta, agus Scrabble as Gaeilge. Oibrím go dlúth le múinteoirí ó chuile roinn chun seirbhísí agus áiseanna a chur ar fáil a chuireann lena gcuid oibre sa seomra ranga. Is féidir leis na scoláirí teacht chuig an leabharlann agus bheith ag léamh, ag staidéar, ag déanamh taighde ar líne, ag obair ar thionscadail mar pháirt de ghrúpa, agus leabhar a thógáil amach ar iasacht ar ndóigh! Bím i gcónaí ann chun cabhrú le scoláirí cibé chaoi is féidir liom. Tá an t-atmaisfeár sa leabharlann suaimhneach agus fáilteach agus taitníonn sé le scoláirí briseadh a fháil ón seomra ranga!

Hello and welcome to the library! My name is Claire Ní Neachtain and I am the full time librarian here in Coláiste Íosagáin & Coláiste Eoin. The school library is going from strength to strength with the library now forming an integral part of the educational experience for students.

A day in the library can vary between a reading session for English, a research skills workshop for history, presentations for Geography or scrabble in Irish. I work closely with teachers from a range of departments to provide services and resources that complement their work in the classroom. Students themselves can come to the library to read on the bean bags, study, research online or carry out group projects. And of course borrow a book if they wish! I’m always here to help the students in whatever way I can. The atmosphere in the library is relaxed and welcoming and students tend to enjoy the break from the classroom!

No events found
Leanaigí Sinn
14-Már-2024
Bíodh Craic agus Ceol agaibh ag Lón Chairde Choláiste Eoin-Íosagáin!
29-Feabh-2024
Eolas ón gCruinniú
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Íosagáin