Coláiste Íosagáin

Sainmheon / Ethos

Scoil Chaitliceach atá i gColáiste Íosagáin agus í faoi Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís (ERST).

Is é Críost atá mar bhonn leis an bhfiontar oideachais i scoil Chaitliceach.

Christ is at the centre of the education venture in a Catholic school. (The Catholic School /An Scoil Chaitliceach, An Róimh 1977)

Cúig Bhunthréith de chuid Scoileanna Éamainn Rís

Dírímid inár scoileanna ar na haidhmeanna seo a leanas:

  • Creideamh, an spioradáltacht Chríostaí agus luachanna atá bunaithe ar an soiscéal a chothú
  • An chomhpháirtíocht a chur chun cinn i bpobal na scoile
  • Barr feabhais a bhaint amach sa teagasc agus sa bhfoghlaim
  • Pobal scoile chomhbhách a chruthú
  • Ceannaireacht bhunathraithe chun feabhais a spreagadh

Edmund Rice Schools have the following common aims:

  • To nurture faith, Christian spirituality and Gospel-based values
  • To promote partnership in the school community
  • To excel in teaching and learning
  • To create a caring school community
  • To inspire transformational leadership

Bunaíodh Coláiste Íosagáin i 1971 le hoideachas lánGhaelach a chur ar fáil do chailíní i ndeisceart Átha Cliath. Bunaíodh an scoil faoi iontaobhaíocht Shiúracha na Trócaire ach aistríodh an iontaobhaíocht go dtí na Bráithre Críostaí i Meán Fómhair 2007.

Tugtar áit sa scoil do dhaltaí ar an tuiscint go bhfuil siad sásta glacadh go hiomlán le ethos Caitliceach lánGhaelach na scoile.

Is comhscoileanna iad Coláiste Íosagáin agus Coláiste Eoin atá lonnaithe ar an láthair chéanna agus oibríonn an dá choláiste as lámha a chéile le sároideachas a sholáthar dár ndaltaí.

Coláiste Íosagáin was founded in 1971 to enable parents to have their daughters educated through Irish on the south side of Dublin. It was established under the trusteeship of the Sisters of Mercy and the trusteeship was transferred in September 2007 to the Christian Brothers

Pupils are accepted on the basis that they fully support the Catholic all-Irish ethos of the school.

Coláiste Íosagáin and Coláiste Eoin are situated on the one campus on the Stillorgan Road and the two schools work together to give our pupils the best possible education.

Aidhmeanna na Scoile

Aidhmeanna Críostaí, daonna agus oideachasúla na scoile.

  • Cuirimid romhainn i gColáiste Íosagáin ár scoil a reachtáil mar ionad léinn ina mbeidh traidisiúin fhiúntacha na hÉireann faoi réim, ár gcreideamh, ár dteanga, ár gceol, agus gach gné eile den chultúr Gaelach. Sa scoil cuirfidh na daltaí aithne ar ghnéithe luachmhara an tsaoil trí dhea-shampla, trí chomhairle agus trí chairdeas le foireann na scoile.
  • Déanaimid iarracht pearsantacht iomlán an dalta a fhorbairt, a thuiscint ar an gceart, ar an léann, ar an tsaoirse, ar an bhféinsmacht agus comhbhá le daoine eile.
  • Léirímid san oideachas a chuirimid ar fáil gur tábhachtaí linn ná torthaí scrúduithe, go sroicheann gach dalta buaic a chumais féin i dtimpeallacht thaitneamhach, chairdiúil agus nach mbíonn sé ag taobh le hábhair acadúla amháin sa scoil ach go mbíonn teacht aige freisin ar ghnéithe eile den oideachas atá tábhachtach d’fhorbairt an duine m.sh. drámaíocht, spórt, ceol, díospóireacht srl.
  • Tuigimid a thábhachtaí is atá sé go mbeidh tuismitheoirí rannpháirteach linn agus na luachanna seo á gcur chun cinn sa scoil, sa bhaile agus sa saol.
  • Creidimid le comhoibriú na dtuismitheoirí, le muinín na ndaltaí asainn, le díograis na foirne scoile agus go háirithe le stiúradh agus cabhair Dé go mbéarfaimid bua.
No events found
Leanaigí Sinn
14-Már-2024
Bíodh Craic agus Ceol agaibh ag Lón Chairde Choláiste Eoin-Íosagáin!
29-Feabh-2024
Eolas ón gCruinniú
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Íosagáin