Coláiste Íosagáin

Clubanna na Leabharlainne

Clubanna na Leabharlainne

Tá cúpla club éagsúil againn sa leabharlann: An Club Leabhar, An Club Scannánaíochta, agus An Club Lego

An Club Leabhar & An Club Scannánaíochta:

Buaileann an club leabhar agus an club scannánaíochta gach triú seachtain ag am lóin sa leabharlann agus déanaimid ár ndícheall seánraí éagsúla agus séasúracha a phiocadh. Bíonn dhá club ann, ceann sinsearach agus ceann sóisearach, agus is bealach iontach iad na clubanna aithne mhaith a chur ar bhur gcomhscoláirí atá sna blianta eile. Bíonn an-chuid craic agus spraoi againn le chéile agus muid ag plé carachtair, téamaí, nó plotaí éagsúla agus gan amhras bíonn neart easaontú againn comh maith!

An Club Lego:

Buaileann an club Lego le chéile gach Céadaoin ag am lóin na sóisear agus baineann na daltaí sult as i gcónaí. Uaireanta bíonn téama áirithe againn agus uaireanta eile oibríonn gach duine go neamhspleách, ach is iontach an rud é an chruthaitheacht agus an tsamhlaíocht a fheiceáil i measc na ndaltaí agus iad ag cruthú na gcoincheapa ar fad. Ó am go céile, bíonn cluichí Doinsiúin & Dragain ar siúl sa leabharlann faoi stiúir dhaltaí bhliain a sé, bíonn an t-atmaisféar i gcónaí fuinniúil agus greannmhar sna seisiúin sin!

Leis na clubanna éagsúla seo, tá súil agam go bhfuil rud éigin a thaitneodh le gach uile dalta sa scoil agus tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh aon am le linn na bliana, fiú má tá duine tar éis cailliúint amach ar chruinniú nó dhó. An phríomhaidhm atá agam leis na clubanna seo ná spás fáilteach, oscailte a chur ar fáil ionas go mothóidh gach dalta compordach a dtuairimí agus a bpearsantachtaí féin a léiriú. Is iad an rannpháirtíocht agus an cairdeas na gnéithe is tábhachtaí leis na clubanna seo!

We have a number of different clubs in the school library: The Book Club, The Film Club, and The Lego Club.

The Book Club & The Film Club:

The book club and the film club meet every third week at lunchtime in the library and we do our best to select a wide range of different, seasonal genres. Within the clubs, we have two groups, one junior and one senior, and they are an excellent way to meet and get to know fellow students in other classes and years. We always have loads of fun together as we discuss the various characters, themes, or plots and of course there are many disagreements as well!

The Lego Club:

The Lego club meets every Wednesday at lunchtime, which the students always enjoy. Sometimes we will have a particular theme in mind and other times the students work independently from one another, but it is always fascinating to see the creativity and imagination of the students as they create their building concepts.

From time to time, the sixth-year students organise Dungeons and Dragons sessions, which always bring an enjoyable and energetic atmosphere to the library!

With these clubs, I hope that there is something that will appeal to each student and everyone is always more than welcome to join in, even if they have missed out on a session or two. The central aim that I have with these clubs is to create a welcoming, open space so that each student may feel comfortable expressing their thoughts, opinions, and personalities.

Aib
14 2025
Saoire na Cásca
Bealt
05 2025
Lá Saoire Bainc
Bealt
30 2025
Saoire an tSamhraidh
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Íosagáin