Is scoil lánGhaelach í Coláiste Íosagáin agus is í an teanga croílár na scoile. Tá sí mar aidhm ag an gCoiste Gaeilge na daltaí a spreagadh leis an teanga a labhairt sa scoil le bród agus agus le díograis.
Tá ionadaí ag gach rang ar an gCoiste agus bíonn an Captaein Ghaeilge mar chathaoirligh. Bíonn cruinnithe rialta ag an gcoiste ag am lóin agus tá múinteoir ón bhfoireann freagrach as an gcoiste a stiúradh.
Bíonn ionadaíocht láidir ag Bliain a 4 ar an gCoiste agus cabhraíonn siad go mór leis na himeachtaí ar fad i rith na bliana a eagrú. I measc na n-imeachtaí a bhíonn á n-eagrú tá céilithe, ceolchoirmeacha, aoichainteoirí, Seachtain na Gaeilge, postaeirí, comórtas Eurofíse, comórtas Tráth na gCeist agus díospóireachtaí idir ranga.
Eagraítear Cairde Gaeilge idir bhliain a 5 agus bliain a 2 chun an Ghaeilge a chur chun cinn idir na blianta éagsúla. Cuirtear imeachtaí ar siúl i rith na bliana do na Cairde Gaeilge.
Cuireann na himeachtaí seo ar fad le hatmaisféar Gaelach na scoile agus tugann siad deiseanna do dhaltaí an teanga a úsáid ag ócáidí sóisialta taobh amuigh den ghnáthshuíomh ranga / scoile.
Is bealach an-dearfach an Coiste Gaeilge leis an teanga a chur chun cinn sa scoil agus ag an am céanna tugann sé an deis do dhaltaí ó gach bliainghrúpa freagracht a ghlacadh agus a bheith páirteach go gníomhach i saol na scoile.
|
An Coiste Gaeilge 2026-2027
Na Captaein Ghaeilge:
Izobel Ní Thiarnáin & Emily Ní Mhaoilmhiagh
|
|
1 Bóinn:
Claudia Ní Dhonnabháin
Caoimhe Nic Uaitéir
Aggie Déiseach
|
|
4 Altán:
Saoirse Ní Mheachair
Ailbhe Ní Sceallaigh
|
|
1 Life:
Órlaith Stíobhairt
Ornagh Ní Chlumháin
Éabha Cervi
|
4 Coirib:
Ali de Buitléir
Clíodhna Ní Dhubhthaigh
|
|
1 Sionainn:
Cuisle Ní Mhuirí Gosal
Lailah Ní Chearbhaill
|
4 Éirne:
Allsún Bhreathnach
Ella Nic Cárthaigh
|
|
2 Bréanann:
Lauren Ní Chonaill
Róisín Hassell
|
5 Banbha:
Alice Ní Dhuibhir
Aoife Bhreathnach
|
|
2 Dónart:
Aisling Ní Chianáin
Méabh Ní Cholmáin
|
5 Ériu:
Síofra Nic Pháidín
Clár Pegum
Muireann Ní Mhuirthile
|
|
2 Néifinn:
Órlaith Eglington
Lúsaí Bevan
|
5 Fódla:
Aoileann Ní Laoire
Fia Ní Loingsigh
|
|
3 Bríd:
Ciara Ní Riagáin
Thea Ní Fhionnagáin
|
6 Acaill:
Emma Ní Chathasaigh
Lilí Nic an Airchinnigh
|
|
3 Cróine:
Holly Clinch
Muireann Ní Ghlacáin
|
6 Cléire:
Laoise Van As
|
|
3 Íde:
Aoife Nic Aonghusa
Elin Ní Orgáin
|
6 Gabhla:
Róisín Nic Shearraigh
Fiadh Ní Mhurchú
Orlaith Nic Aonghusa
|