Coláiste Íosagáin

Coiste Glas

Bunaíodh an Coiste Timpeallachta sa scoil sa bhliain 2000 le hiarracht a dhéanamh suim agus tuiscint na ndaltaí ar chúrsaí timpeallachta a leathnú agus a dhoimhniú. Ón tús bhí an coiste ag obair leis an mBrat Glas a bhaint amach don scoil agus tar éis go leor oibre a dhéanamh ar laghdú an bhruscair sa scoil, bhain an scoil an chéad bhrat glas amach sa bhliain 2002.
Bhí Coláiste Íosagáin ar an gcéad mheánscoil i gceantar Dhún Laoghaire / Rath an Dúin leis an mbrat a bhaint amach agus ó shin i leith tá go leor oibre déanta ag an scoil ag cabhrú le meánscoileanna eile sa cheantar agus iad ag dul i mbun na hoibre seo.
Ní gradam buan atá sa bhrat glas agus bíonn ar an scoil coinneáil orthu ag cur leis an méid atá ar bun ó thaobh na timpeallachta de leis an mbrat a choinneáil. Ó 2002 i leith tá sé bhrat eile bainte amach ag an scoil bunaithe ar obair atá curtha i gcrích againn ar na téamaí seo a leanas atá leagtha síos ag An Taisce.

2002 – Bruscar

2004 – Uisce

2006 – Fuinneamh

2008 – Taisteal

2011 - Saoránacht Dhomhanda

2016 - Bithéagsúlacht

2018 - Saoránacht Dhomhanda - Bruscar

2022-2024 - Saoránacht Dhomhanda - Iompar

2024-2026 - Saoránacht Dhomhanda - Bia & Bithéagsúlacht

Bhí an coiste an-ghnóthach i mbliana.I measc na n-imeachtaí a bhí ar bun ag an gcoiste bhí ceardlanna agus cainteanna ar théamaí éagsúla, an Comórtas Glan agus Glas (seomra ranga is glaine), glantacháin earraigh, feachtais le bia shláintiúil agus trádáil chóir a chur chun cinn agus feachtais le daltaí a spreagadh le siúl nó rothaíocht ar scoil. Tá ardmholadh tuillte ag an gCoiste ar fad as an mbrat a ghnóthú don scoil. Tá Colaiste Íosagáin anois ar cheann de na meánscoileanna is fearr sa tír maidir le brait a ghnóthú agus a choinneáil.

An Coiste Glas 2025 - 2026

Cinnirí Timpeallachta : Thea Goodhue & Máire Ní Uaithne

Baill an Choiste :

1 Bréanann Aoife Ní Ruáin
1 Dónart Faye Nic Cárthaigh, Céití Ní Chorráin, Céití Ni Thiobráide, Aisling Ní Chianáin, Victoria Ní Luain
1 Néifinn Penny Nic Riocaird, Avril Ní Néill, Caoilinn Nic Mhurchada, Lainey Nic Aonghusa, Róisín Nic Conduibh

2 Bríd Cara Ní Chinnéide, Amelia Ní Dhúlaing
2 Cróine Chloe Ní Cheallaigh & Holly Clinch
2 Íde Aoife Nic Eiteagáin

3 Bóinn Ríseal Nic Gib & Ellen Ní Shúilleabháin
3 Life Bronwyn de Búit & Aoife Bláithín Bhreathnach
3 Sionnainn Aoife Ní Chonalláin, Ada Nic Dhomhnaill, Alice Ní Fhlannabhra, Sadhbh Ní Bhrádaigh, Stiofáinín Seoige, & Mia Nic Mhánais

4 Banbha Isabella Ní Riain & Louise Ní Nualláin
4 Ériú Aoife ó Sioradáin & Isabelle Ní Ghallchóir
4 Fódla Rebekah Ní Óldáin & Joy Nic Craith

5 Acaill Ailbhe Nic Pháidín & Cáit Bradshaw
5 Cléire Abaigh Ní Dhuibhir & Aoibha Ní Mhoráin
5 Gabhla Sinéad Nic an Rothaich & Orlaith Nic Aonghusa

6 Áltán Muireann Ní Dhálaigh & Tara Ní Ghraollaigh
6 Coirib
6 Éirne

Noll
22 2025
Saoire na Nollag
Feabh
02 2026
Lá Fhéile Bríde
Feabh
11 2026
Lá Inseirbhíse
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Íosagáin