Coláiste Íosagáin

Comhairle na nDaltaí

Bunaíodh Comhairle na nDaltaí i gColáiste Íosagáin sa scoilbhliain 1999 – 2000. Tugann an chomhairle guth do na daltaí in imeachtaí na scoile.

Bíonn ionadaí amháin ag gach rang sa scoil ar an gcomhairle. Is iad na captaein scoile a dhéanann cathaoirleacht ar an gcomhairle. Bíonn cruinnithe rialta acu ag am lóin ach bíonn múinteoir le freagracht as an gcomhairle i láthair ag gach cruinniú. Glacann an rúnaí miontuairiscí ag na cruinnithe agus buaileann an cathaoirleach leis an bPríomhoide leis na rudaí a ardaíodh ag an gcruinniú a phlé agus iarratais / moltaí a chur chun cinn le bainistíocht na scoile. Tugann an cathaoirleach tuairisc ar ais ag an gcéad chruinniú eile.

Le linn na scoilbhliana eagraíonn an chomhairle imeachtaí éagsúla ar son na ndaltaí m.sh. feachtas carthanachta um Nollaig nó cainteoir faoi rudaí a bhfuil spéis ar leith ag daltaí iontu. Bíonn seachtain ghníomhaíochta ag an gComhairle go rialta ag díriú isteach ar théamaí éagsúla m.sh. Seachtain Fhrithmhaistíneachta ag plé le fadhb na maistíneachta i measc dhaoine óga.

Buaileann an cathaoirleach agus baill den choiste leis an mBord Bainistíochta ó am go céile.

Freastalaíonn ionadaithe ón gcomhairle ar chúrsa oiliúna do Chomhairlí na nDaltaí a eagraíonn Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís gach bliain

Roghnaíonn an Chomhairle ionadaithe le freastal ar Chomhairle na nÓg gach bliain agus tugann siad tuairisc ar ais go dtí an scoil faoi imeachtaí na Comhairle.

Comhairle na nDaltaí - Baill - 2025-2026.jpg

Beal
04 2026
Lá Saoire Bainc
Beal
29 2026
Laethanta Saoire an tSamhraidh
Meith
03 2026
Scrúduithe na Roinne
© 2026 Coláiste Íosagáin