Fáilte chuig an Leabharlann!
Haigh is mise Sarah, leabharlannaí lánaimseartha anseo i gColáistí Íosagáin agus Eoin.
Bíonn neart imeachtaí acadúla ar siúl sa leabharlann chuile sheachtain chun tacú le daltaí ó gach aon bhliain. Mar shampla, bíonn ceardlanna taighde ar siúl le daltaí bhliain a dó agus trí, atá dírithe ar na MRBanna agus seisiúin níos cuimsithí le daltaí staire na hArdteiste chomh maith. Bím lánsásta tacaíocht agus cabhair a thabhairt d’aon dalta atá i mbun taighde, pé bliain agus pé ábhar atá i gceist. Bíonn ranganna léitheoireachta ar siúl ag na bunranganna gach seachtain a théann chun tairbhe a gcuid scileanna scríbhneoireachta agus litearthachta.
Tá os cionn 5,000 leabhar againn sa leabharlann scoile agus tá réimse mór seánraí ann; ficsean sinsearach agus sóisearach, leabhair spóirt, staire, ceoil, ealaíne, eolaíochta áiseanna teanga, agus neart leabhair trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá ballraíocht againn le cúpla irisleabhar éagsúil cosúil le History Ireland agus National Geographic. Tá fáilte roimh gach dalta leabhar a thógáil ar iasacht uaim sa leabharlann nuair atá an deis acu.
In éineacht leis sin, is croílár sóisialta í an leabharlann agus bíonn imeachtaí spraíúla ar siúl chuile sheachtain. Tá clubanna éagsúla eagraithe cosúil leis an gclub leabhar, an club scannánaíochta, an club Lego, agus cluichí Doinsiúin & Dragain ó ham go céile! Is breá liom aghaidheanna nua a fheiceáil ag gach cruinniú agus déanaim mo dhícheall deis a thabhairt do gach dalta a dtuairim féin a léiriú agus páirt a ghlacadh i gcónaí. Bíonn an leabharlann oscailte ag am lóin agus tar éis am scoile freisin má tá éinne ag iarraidh úsáid a bhaint as na ríomhairí glúin, obair bhaile a dhéanamh, nó a scíth a ligean agus leabhar a léamh in áit chiúin sa scoil. Is áit í an leabharlann do chách agus bíonn fáilte i gcónaí roimh gach dalta scoile.
Hi, my name is Sarah and I am the full-time librarian here at Coláiste Íosagáin and Coláiste Eoin.
Every week, there are a number of academic classes organised to support students from every year group. For example, there are research workshops focused on the State CBAs for second- and third-year groups, as well as a more extensive research tuition for Leaving Certificate history students. I am more than happy to assist and support any student who is interested in researching a particular topic; any subject from any year. We have weekly reading sessions with Junior students which allows them to expand their vocabulary and improve their information literacy skills which will benefit them in the long run.
There are over 5,000 books in the school library that span a rich variety of genres; for example, junior and senior fiction, sports, history, music, art, and science books, as well as many Irish language books. In addition, the library has subscriptions to periodicals such as History Ireland and the National Geographic. Every student is more than welcome to borrow books from the library when they have the chance.
The library is a social hub of the school, and we have many fun events organised throughout the week. There are various clubs hosted regularly in the library such as the book club, film club, Lego club, as well as Dungeons and Dragons sessions from time to time! I love to see new faces at each meeting, and I try my best to give each student an opportunity to participate and give their opinions. The library is open at lunchtime and after school hours in case anyone would like to use the laptops, start their homework, or relax with a good book in a quiet environment. The library is an open, welcoming space for every student.