Coláiste Íosagáin

Drámaíocht / Drama

Tá traidisiún láidir drámaíochta i gColáiste Íosagáin ó bunaíodh an scoil idir dhrámaíocht fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta.

Drámaíocht Fhoirmeálta

Thar na blianta cuireadh go leor drámaí agus ceoldrámaí ar an stáitse sa scoil agus i hallaí na bparóistí máguaird. Is iad múinteoirí na scoile den chuid is mó a bhí i mbun na léirithe seo agus d’éirigh thar barr leo in ainneoin na laincisí a bhí ann maidir le háiseanna. Sa bhliain 2004 osclaíodh an Halla Scoile nua leis na háiseanna a chuir ar chumas na scoile léirithe ar scála níos mó a chur ar an stáitse.

Tar éis cóiriú a dhéanamh ar an stáitse chuir Coláiste Íosagáin, i bpáirt le Coláiste Eoin, an chéad léiriú ar bun sa halla leis an gceoldráma Táin Bó Cuailnge i 2006. Cuireadh na drámaí seo a leanas ar an stáitse;

Táin Bó Cuailnge 2006

Opus IV 2007

Romeo and Juliet 2008

Grease 2009

Cuisle an Cheoil 2010

Asarlaí Oz 2011

Áille agus Brúid 2012

Oilibhéar 2013

Gasraí agus Girseachaí 2014

Brídeoga do na Buachaillí 2015

Cliú agus Cáil 2016

Grease 2017

Isteach sa Choill 2018

An Scéal Aniar 2019

2020 - cuireadh é ar ceal de bharr srianta Covid

2021 - Gearrscannáin le Sibéal Davitt, Gavin Fitzgerald & Fionnghuala Gygax

Is iad daltaí na hIdirbhliana ón dá choláiste a bhíonn páirteach sna drámaí / ceoldrámaí seo ach bíonn ceoltóirí ó bhliainghrúpaí eile gafa leis na drámaí freisin. Bíonn stiúrthóir ón bhfhoireann nó ón taobh amuigh i mbun an léirithe le tacaíocht agus cabhair ó fhoireann na scoileanna agus daltaí eile maidir le feisteas, poiblíocht agus margaíocht, ceol, bainistíocht stáitse, frapaí agus ullmhú an chláir.

Is obair fhoirne den scoth a chuireann ar chumas na scoileanna drámaí mar seo, ar ardchaighdeán, a chur ar an stáitse gach bliain.
Is sampla iad na drámaí seo freisin den sárchomhoibriú idir an dá choláiste.


Drámaíocht Neamhfhoirmeálta

Is cuid nádúrtha den mhúinteoireacht in ábhair éagsúla úsáid a bhaint as teicníc na drámaíochta leis an ábhar a shoiléiriú agus le deis a thabhairt do dhaltaí dul i ngleic le topaic ar bhealach suimiúil, idirghníomhach. Ar an ábhar sin baineann go leor múinteoirí úsáid as rólimirt agus sceitseanna neamhfhoirmeálta sna ranganna Oideachais Shláinte, OSSP, sa Bhéarla, sa Ghaeilge agus sna nuatheangacha.

Tugtar aisteoirí gairmiúla isteach go minic le ceardlanna a dhéanamh le ranganna ar ábhair éagsúla m.sh ar théama na maistíneachta mar chuid de Sheachtain Fhrithmhaistíneachta ag Comhairle na nDaltaí.


Mar chuid den oideachas sa scoil, tugtar daltaí chuig drámaí taobh amuigh den scoil go rialta. Tapaíonn na múinteoirí gach deis a fhaigheann siad daltaí a thabhairt chuig drámaí a leathnóidh tuiscint na ndaltaí ar a n-ábhar.

No events found
Leanaigí Sinn
14-Már-2024
Bíodh Craic agus Ceol agaibh ag Lón Chairde Choláiste Eoin-Íosagáin!
29-Feabh-2024
Eolas ón gCruinniú
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Íosagáin