Coláiste Íosagáin

PASCH und Austausch

Scoil Chomhpháirtíochta Gearmáinise

Schulen: Partner der Zukunft

Jugendsymposium.jpg

Jugendsymposium in Essen Meán Fómhair 2010 Ealaín san Oideachais

In Aibreán 2008 cuireadh in iúl do Choláiste Íosagáin agus do Choláiste Eoin go raibh an dá scoil roghnaithe as na scoileanna ar fad a mhúineann Gearmáinis in Éirinn le bheith páirteach i scéim Schulen: Partner derZukunft. Is tionscnamh é seo ag Rialtas na Gearmáine le sármhúinteoireacht na Gearmáinise a chur chun cinn ar fud an domhain. Chuige seo roghnaigh an Goethe Institut na scoileanna seo toisc an méid rannpháirtíochta a bhí ag na scoileanna in imeachtaí agus tionscnaimh éagsúla thar na blianta.

Tá sí mar aidhm ag an scéim go mbeidh gréasán de 1,000 scoil ar fud na cruinne agus go mbeidh na daoine óga ag cur eolais ar an nGearmáin, an teanga agus an cultúr, agus go mbeidh an deis acu comhphlé idirchultúrtha a bheith acu lena chéile.

Déanfar na haidhmeanna seo a chur chun cinn ar dtús ar feadh tréimhse 3 bliana trí na céimeanna seo a leanas;

  • Cúrsaí teanga agus forbairt ghairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí Gearmáinise agus múinteoirí eile a mbeadh spéis acu sa tionscnamh
  • Cúrsaí teanga do dhaltaí sa Ghearmáin
  • Cuairteanna ar an nGearmáin do bhainistíocht na scoileanna comhpháirtíochta
  • Tionscnaimh chultúrtha (ceolchoirmeacha, scannáin, taispeántais)
  • Tacaíocht agus comhairle do mhúinteoirí ón Goethe Institut
  • Acmhainní múinteoireachta a chur ar fáil

Mar scoil chomhpháirtíochta beidh Coláiste Íosagáin/Eoin sásta nithe áirithe a dhéanamh m.sh.

  • An Ghearmáinis agus an Ghearmáin a bheith mar ábhar lárnach sa churaclam scoile
  • Páirt a ghlacadh i dtionscnaimh ag an Goethe Institut, Baile Átha Cliath
  • Tionscnamh a chur chun cinn san Idirbhliain le daltaí ag glacadh ranganna Gearmáinise i mbunscoileanna áitiúla
  • Cinntiú go mbíonn daltaí agus múinteoirí saor le páirt a ghlacadh i dtionscnaimh / malartuithe / cúrsaí teanga / turais a shocraítear
  • Úsáid a bhaint as acmhainní múinteoireachta a chuireann an Goethe Institut ar fáil
  • Páirt a ghlacadh sa chomórtas díospóireachta agus sa tionscnamh ‘Scannán Gearmáinise’

Ó thosaigh an tionscnamh seo tugadh an deis do mhúinteoirí éagsúla ón dá choláiste freastal ar chúrsaí Gearmáinise sa Goethe Institut i mBaile Átha Cliath agus sa Ghearmáin. Bronnadh scoláireachtaí ar dhaltaí freisin gach samhradh le freastal ar chúrsaí teanga in áiteanna éagsúla sa Ghearmáin.

Tá go leor acmhainní múinteoireachta tugtha ag an Goethe Institut don scoil agus tá scríbhneoirí Gearmáinise tar éis ceardlanna a dhéanamh leis na daltaí.

Tá an tionscnamh ag cur go mór le stádas na Gearmáinise mar theanga bheo sa dá choláiste agus ag cur le tuiscint na ndaltaí ar chultúr agus ar shaol na Gearmáine.

Malartú Gearmáinise Austausch.pdf

No events found
Leanaigí Sinn
14-Már-2024
Bíodh Craic agus Ceol agaibh ag Lón Chairde Choláiste Eoin-Íosagáin!
29-Feabh-2024
Eolas ón gCruinniú
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Íosagáin