Coláiste Íosagáin

Ceol / Music

Tá an ceol an-tábhachtach dúinn i gColáiste Íosagáin. Spreagtar na cailíní ó thús a bheith gníomhach i gcúrsaí ceoil sa scoil.

  • Chomh maith leis an gceol a bheith mar ábhar scrúdaithe sa teastas sóisearach agus san ardteist, tá cór ag gach bliainghrúpa. Canann na córacha seo le chéile ag Aifrinn agus ag ócáidí scoile eile.

  • Cuirtear ceolfhoireann scoile le chéile, le seinm ag ócáidí éagsúla i rith na scoilbhliana.

  • Eagraítear grúpaí traidisiúnta éagsúla in éineacht le buachaillí Choláiste Eoin, le páirt a ghlacadh in imeachtaí agus comórtais éagsúla.

  • Cuirtear ceoldráma ar an stáitse le cailíní na hIdirbhliana i dteannta na mbuachaillí ó Choláiste Eoin.

  • Tá Coiste Ceoil sa scoil, le daltaí ó gach rang páirteach ann, a eagraíonn imeachtaí éagsúla do na daltaí i rith na scoilbhliana, mar shampla, seisiúin ceoil ag am lóin, An Phicnic Leictreach, ceolchoirmeacha beaga neamhfhoirmeálta 7rl.

Music plays a very important role in student life in Coláiste Íosagáin. All students are encouraged to participate in the school’s musical activities.

  • As well as having music available as a subject for both Junior Certificate and Leaving Certificate examinations, each year group has its own choir. These choirs sing together at school Masses and other school occasions.

  • A school orchestra is assembled to perform at various events during the school year.

  • Traditional groups, consisting of students from both Coláiste Íosagáin and Coláiste Eoin, perform at various events both within and outside the school, as well as taking part in competitions.

  • Various musicals have been performed by Transition Year students from the two schools.

  • Our Coiste Ceoil, with representatives from every class, organises various informal musical activities for students, eg. An Phicnic Leictreach, lunchtime traditional music sessions, casual concerts, etc.

Coiste Ceoil 2022 - 2023

Cinnirí Ceoil : Clodagh Ní Fhéich & Muireann Ní Mhaoildeirg

Baill an Choiste :

1 Bréanann
1 Dónart
1 Néifinn

2 Bríd
2 Cróine
2 Íde

3 Bóinn
3 Life
3 Sionainn

4 Banbha
4 Ériú
4 Fódla

5 Acaill
5 Cléire
5 Gabhla

6 Alltán
6 Coirib
6 Éirne
No events found
Leanaigí Sinn
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Íosagáin