Coláiste Íosagáin

Treoir / Guidance

Treoirchomhairleoir Marcella Ní Raghallaigh & Aoife Nic Uaid

Comhairleoir Scoile Áine Nic Gabhann, Marcella Ní Raghallaigh & Aoife Nic Uaid

TREOIRPHLEAN NA SCOILE

Guidance Policy

Ráiteas Tosaigh

Is éard atá i bplean treorach Choláiste Íosagáin ná cur síos ar chlár treorach na scoile agus sonraíonn sé conas a thugtar aghaidh ar riachtanais treorach na mac léinn. Is cuid lárnach de phlean forbartha na scoile é.

I gColáiste Íosagáin féachtar ar an bplean treorach mar ghníomhaíocht don scoil ar fad agus bíonn gach ball den fhoireann agus de chomhluadar na scoile bainteach leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm.

Naisc le Polasaithe eile

Aithnítear go bhfuil ceangal láidir idir an treoirphlean agus polasaithe eile na scoile mar shampla:

  • Polasaí Iompair.
  • Polasaí Frithmhaistíneachta.
  • Polasaí maidir le Cosaint Leanaí.
  • Polasaí Tréadchúraim
  • Polasaí um Riachtanais Speisialta

Scóip

Tagraíonn Treoir i gColáiste Íosagáin do a sholáthraítear i bpróiseas forbartha na ndaltaí. Cabhraíonn na heispéiris seo le daltaí scileanna féinbhainistíochta a fhorbairt a chabhróidh leo roghanna agus cinntí éifeachtacha a dhéanamh ina saol.

Is cuid lárnach de chlár treorach na scoile í an chomhairleoireacht, agus tairgtear í mar chuid de phróiseas foghlama forbartha, agus ag tréimhsí géarchéime pearsanta freisin. Tá idir chomhairleoireacht phearsanta, chomhairleoireacht oideachais agus chomhairleoireacht gairme mar chuid den chomhairleoireacht.

Tugann an plean aghaidh ar riachtanais treorach na mac léinn ar fad ag gach leibhéal sa scoil. Toisc go mbaineann treoir leis an scoil ar fad, bíonn baint ag an bplean le bainistíocht agus le foireann na scoile i gcoitinne.
Creidtear i gColáiste Íosagáin go bhfuil dhlúthbhaint idir aidhmeanna agus cuspóirí an pholasaí treoraigh agus aidhmeanna ginearálta na scoile.

Ó bunaíodh an scoil bhí an-bhéim ar thréadchúram na ndaltaí agus dul chun cinn pearsanta, sóisialta agus intleachtúil na scoláirí mar atá leagtha amach in Aidhmeanna na Scoile.

“Cuirimid romhainn i gColáiste Íosagáin an scoil a reachtáil mar ionad léinn, ina mbeidh traidisiúin fhiúntacha na hÉireann faoi réim, an creideamh, an teanga, an ceol agus gach gné eile den chultúr Gaelach. Sa scoil cuirfidh na daltaí aithne ar ghnéithe luachmhara an tsaoil, trí dea-shampla, trí chomhairle agus trí chairdeas le foireann na scoile.

Déanaimid iarracht pearsantacht iomlán an dalta a fhorbairt, a thuyiscint ar an gceart, ar an léann, ar an tsaoirse, ar an bhféinsmacht agus comhbhá le daoine eile.

Léirimid san oideachas a chuirimid ar fáil gur tábhachtaí linn ná torthaí scrúduithe go sroicheann gach dalta buaic a chumais féin i dtimpeallacht taithneamhach, chairdiúil agus nach mbíonn sé ag taobh le hábhair acadúla amháin sa scoil ach go mbíonn teacht aige freisin ar ghnéithe eile den oideachas atá tábhachtach d'fhorbairt an duine m.sh. drámaíocht, spórt, ceol, díospóireacht srl.

Tuigimid a thábhachtaí is atá sé go mbeidh tuismitheoirí rannpháirteach linn agus na luachanna seo á gcur chun cinn sa scoil, sa bhaile agus sa saol.

Aidhmeanna agus Cuspóirí an Pholasaí Treorach

  • An aidhm atá leis an treoir agus leis an gcomhairleoireacht ná cabhrú le daltaí tuiscint a fháil ar a mbuanna agus ar a gcumas féin agus glacadh leo mar aon le tuiscint a fháil ar an dúshlán a ghabhann le maireachtáil agus foghlaim.
  • Cabhrú le daltaí taighde a dhéanamh ar fhéidearthachtaí agus deiseanna; éirí níos neamhspleáiche agus freagracht a ghlacadh astu féin.
  • Tacaíocht a thabhairt do dhaltaí roghanna a dhéanamh faoin saol agus na roghanna sin a chur i gcrích.
  • Cumhacht a thabhairt do dhaltaí chun cinntí pearsanta, oideachais agus gairme a dhéanamh.
  • Straitéisí a fhorbairt chun déileáil leis na deacrachtaí atá acu faoi láthair nó a bheidh acu amach anseo.

Beidh an treoirchomhairleoir mar aon le foireann na scoile, an Bord Bainistíochta, na daltaí, agus na tuismitheoirí rannpháirteach i gcur cinn an Treoirphleain seo sa scoil.

Clár Treorach

Bunranganna:

Casann an treoirchomhairleoir le gach dalta i mBliain 1 chun tacaíocht a thabhairt agus iad ag tosú leis an oideachais sa mheánscoil. Bíonn an seans ag an dalta labhairt faoi aon deacrachtaí maidir le hábhair nua nó le socrú isteach. Bíonn an seans acu freisin caint faoin roghnú ábhar do Bhl.2.

Déantar tástáil cumais ó thaobh an Bhéarla agus na Matamaitice le cinntiú go dtugtar aon chúnamh is gá do na daltaí.

Ins na ranganna Oideachas Sláinte agus OSSP tugtar aire do na gnéithe sóisialta, scileanna taighde agus luachanna pearsanta.

Pléitear na scileanna staidéir difriúla ag tús Bhl.3. Tugtar treoir do na daltaí faoi conas amchlár staidéir a dhéanamh amach dóibh féin agus conas díriú ar an Teastas Sóisearach.

Idirbhliain:

Tá rang treorach in aghaidh na seachtaine ag gach dalta i mBl.4.

Déanann na daltaí taithí oibre agus obair dheonach i mBl.4. Ullmhaítear na daltaí sna ranganna don taithí oibre agus an obair dheonach. Tar éis filleadh ó na hionaid oibre pléitear an taithí agus an tairbhe a bhaineadar as.

Tugtar eolas dóibh freisin ar na Coláistí tríú leibhéal difriúla. Foghlaimíonn na daltaí conas teagmháil a dhéanamh le seirbhís eolais a bhaineann le gairmeacha sna hollscoileanna, i gcoláistí teicneolaíochta, FÁS, agus coláistí thar lear. Úsáidtear na ríomhairí scoile chun an próiseas seo a bhrostú.
Faigheann na mic léinn an seans taighde a dhéanamh ar an ngairm a bhfuil suim acu ann trí thionscnamh cuimsitheach a dhéanamh thar cúpla mí. Mar chuid den tionscnaimh seo ins an taispeántais ar Oíche na hIdirbhliana.

Le linn na hIdirbhliana, déanann lucht idirbhliana na scrúdaithe DATS, chun anailís a dhéanamh ar na buanna faoi leith atá acu. Nuair a thagann na torthaí seo ar ais, bíonn agallamh ag an treoirchomhairleoir le gach dalta ina n-aonar chun na torthaí a phlé agus chun eolas a thabhairt dóibh ar na roghanna ábhar agus ar an gceangal atá acu leis an staidéar nó an obair amach anseo. Eagraíonn bainistíocht na scoile oíche eolais do na tuismitheoirí maidir le roghnú na n-ábhar do Bhl.5 freisin. Cuirtear seimineár lae ar fáil dóibh i ceann de na h-ospidéil sa cheantair agus déantar cur síos ar na gairmeacha go léir bainteach le leigheas.

Bliain 5:
Bíonn rang treorach ar siúl gach seachtain i mBl.5. Ins an rang seo faigheann na daltaí oiliúint ar fhiúntas na hoibre. Pléitear obair íoctha agus neamhíoctha. Déantar taighde ar lá oibre sna proifisiúin difriúla. Mínítear an córas CAO agus UCAS dóibh agus úsáidtear an t-Idirlíon chun eolas a fháil ar na cúrsaí éagsúla agus chun an clár ins na cúrsaí ina bhfuil spéis acu a sheiceáil.

Tugtar ceistneoir do na daltaí le líonadh chun a aimsiú cé mhéad atá déanta acu maidir le taighde ar na gairmeacha ina bhfuil suim acu.

Faigheann siad cabhair le litir iarratais le haghaidh post sa Samhradh agus le CV a chur le chéile. Déantar tástáil ar shuimeanna na daltaí le foinse faoi leith. Freastalaíonn siad ar mhéid áirithe laethanta oscailte ollscoile i mBÁC.

Bliain 6:
Ag tús na bliana tugtar míniú arís faoin CAO agus UCAS. Labhraítear
leo faoi na hollscoileanna agus na coláiste PLC. Bíonn cead ag na daltaí freastal ar laethanta oscailte sa choláiste ina bhfuil suim acu. Faigheann gach dalta seans labhairt leis an treoirchomhairleoir ar a laghad uair amháin chun an rogha CAO a phlé.

Úsáidtear an rang treorach chun cainteoirí a thabhairt isteach le labhairt faoi na dáimh difriúla sna h-ollscoileanna agus na coláistí eile tríú leibhéil. Tagann cainteoirí ó na proifisiúin éagsúla chun cur síos ar na gnéithe a théann leis an bpost sin.

Soláthraítear litreacha molta dos na daltaí atá ag súil le dul go dtí coláistí thar lear. Déantar cleachtadh ar CV a chur le chéile, litir iarratais agus bréag-agallamh neamhfhoirmeálta. Oibrítear le daltaí a bhfuil fadhbanna acu le brú staidéir le hamchlár pearsanta don staidéar a chur le chéile.

Acmhainní Treorach

  • Bileoga eolais ó na coláistí agus ollscoileanna faoi chúrsaí.
  • Na ríomhairí, suímh idirlín.
  • Leabhráin eolais, CD’s, DVD’s.
  • An clár beo.
  • Laethanta oscailte agus laethanta eolais, seimineáir lae.
  • An léachtlann.
  • Oíche threoirghairme.
  • Taithí oibre.
  • Obair dheonach.
  • Seomra / oifig.

Monatóireacht ar an bPlean

Déanfar athbhreithniú rialta ar an bplean seo.

Seirbhís Chomhairleoireachta na Scoile

Tá Comhairleoir Scoile ar fáil le treoir agus comhairle a chur ar dhaltaí a bhfuil gá acu leis ach teagmháil a dhéanamh léi agus coinne a shocrú.

Treoirchomhairleoir: Marcella Ni Raghallaigh

Comhairleoir Scoile: Áine Nic Gabhann

Seomra: 309 (Bloc Sinsearach)

No events found
Leanaigí Sinn
14-Már-2024
Bíodh Craic agus Ceol agaibh ag Lón Chairde Choláiste Eoin-Íosagáin!
29-Feabh-2024
Eolas ón gCruinniú
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Íosagáin