Coláiste Íosagáin

Comhairle na nDaltaí

Bunaíodh Comhairle na nDaltaí i gColáiste Íosagáin sa scoilbhliain 1999 – 2000. Tugann an chomhairle guth do na daltaí in imeachtaí na scoile.

Bíonn ionadaí amháin ag gach rang sa scoil ar an gcomhairle. Is iad na captaein scoile a dhéanann cathaoirleacht ar an gcomhairle. Bíonn cruinnithe rialta acu ag am lóin ach bíonn múinteoir le freagracht as an gcomhairle i láthair ag gach cruinniú. Glacann an rúnaí miontuairiscí ag na cruinnithe agus buaileann an cathaoirleach leis an bPríomhoide leis na rudaí a ardaíodh ag an gcruinniú a phlé agus iarratais / moltaí a chur chun cinn le bainistíocht na scoile. Tugann an cathaoirleach tuairisc ar ais ag an gcéad chruinniú eile.

Le linn na scoilbhliana eagraíonn an chomhairle imeachtaí éagsúla ar son na ndaltaí m.sh. feachtas carthanachta um Nollaig nó cainteoir faoi rudaí a bhfuil spéis ar leith ag daltaí iontu. Bíonn seachtain ghníomhaíochta ag an gComhairle go rialta ag díriú isteach ar théamaí éagsúla m.sh. Seachtain Fhrithmhaistíneachta ag plé le fadhb na maistíneachta i measc dhaoine óga.

Buaileann an cathaoirleach agus baill den choiste leis an mBord Bainistíochta ó am go céile.

Freastalaíonn ionadaithe ón gcomhairle ar chúrsa oiliúna do Chomhairlí na nDaltaí a eagraíonn Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís gach bliain

Roghnaíonn an Chomhairle ionadaithe le freastal ar Chomhairle na nÓg gach bliain agus tugann siad tuairisc ar ais go dtí an scoil faoi imeachtaí na Comhairle.

Comhairle na nDaltaí 2023 - 2024

Captaein Scoile : Ríona Ní Ghraollaigh & Isabella Nic Ambróis

Baill an Choiste :

1Bóinn Juno Cleary Ní Chinnéide
1 Life
1 Sionainn

2 Bréanann Aoileann Ní Laoire & Isabelle Nic Lochlainn
2 Dónart Skye Newsome & Aoibhinn Ní Earchaí
2 Néifinn

3 Bríd Aoibhe Ní Mhóráin & Emily Nic Aodha
3 Cróine Sadhbh Nic Raghnaill & Emily Ní Thuathaláin
3 Íde Máire de BuitléirLasairfhíona Ní Chróinín & Ella Nic Cárthaigh

4 Alltán
4 Coirib
4 Éirne

5 Banbha Ariel de Hochtúin & Aoife Stíobhart
5 Ériú Síofra de Paor, Alex Ní Chléirigh, Emma de Chaumont & Luan Ní Cheallaigh
5 Fódla Seoinín Ní Sheafraidh & Muireann Ní Mhuineacháin

6 Acaill
6 Cléire
6 Gabhla

No events found
Leanaigí Sinn
14-Már-2024
Bíodh Craic agus Ceol agaibh ag Lón Chairde Choláiste Eoin-Íosagáin!
29-Feabh-2024
Eolas ón gCruinniú
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Íosagáin