Bunaíodh an Coiste Timpeallachta sa scoil sa bhliain 2000 le hiarracht a dhéanamh suim agus tuiscint na ndaltaí ar chúrsaí timpeallachta a leathnú agus a dhoimhniú. Ón tús bhí an coiste ag obair leis an mBrat Glas a bhaint amach don scoil agus tar éis go leor oibre a dhéanamh ar laghdú an bhruscair sa scoil, bhain an scoil an chéad bhrat glas amach sa bhliain 2002.
Bhí Coláiste Íosagáin ar an gcéad mheánscoil i gceantar Dhún Laoghaire / Rath an Dúin leis an mbrat a bhaint amach agus ó shin i leith tá go leor oibre déanta ag an scoil ag cabhrú le meánscoileanna eile sa cheantar agus iad ag dul i mbun na hoibre seo.
Ní gradam buan atá sa bhrat glas agus bíonn ar an scoil coinneáil orthu ag cur leis an méid atá ar bun ó thaobh na timpeallachta de leis an mbrat a choinneáil. Ó 2002 i leith tá sé bhrat eile bainte amach ag an scoil bunaithe ar obair atá curtha i gcrích againn ar na téamaí seo a leanas atá leagtha síos ag An Taisce.
2002 – Bruscar
2004 – Uisce
2006 – Fuinneamh
2008 – Taisteal
2011 - Saoránacht Domhanda
2016 - Bithéagsúlacht
2018 - Saoránacht Domhanda & Bruscar
Bhí an coiste an-ghnóthach i mbliana.I measc na n-imeachtaí a bhí ar bun ag an gcoiste bhí ceardlanna agus cainteanna ar théamaí éagsúla, an Comórtas Glan agus Glas (seomra ranga is glaine), glantacháin earraigh, feachtais le bia shláintiúil agus trádáil chóir a chur chun cinn agus feachtais le daltaí a spreagadh le siúl nó rothaíocht ar scoil. Tá ardmholadh tuillte ag an gCoiste ar fad as an mbrat a ghnóthú don scoil. Tá Colaiste Íosagáin anois ar cheann de na meánscoileanna is fearr sa tír maidir le brait a ghnóthú agus a choinneáil.
An Coiste Glas 2019-2020
Cathaoirleach : Sahra Heibe
6 Alltán : Orla Ní Chuirc, Bláthnaid Ní Dhúill, Rachel Ní Ghruagáin
6 Coirib : Muireann Ní Éideáin, Ella de Brún
6 Éirne : Niamh Ní Chumascaigh, Caoimhe Ní Chatháin, Aisling Nic Gearailt
5 Acaill : Aoibhe Ní Nuanáin, Alanna Nic Aonghusa, Sorcha Ní Mhaitiú
5 Cléire : Orlaith Ní Mhaolmhuaidh, You Lai Chaomhánach, Éabha Ní Riada
5 Gabhla : Hannah Ní Nualláin
4 Banbha : Anna Ní Chonaill
4 Ériú :
4 Fódla :
3 Bóinn : Dearbhaile Ní Dhúill
3 Life : Roishe Nic Aonghusa
3 Sionainn : Sorcha Nic Dháibhéid
2 Bríd : Chloe Ní Fhearchair, Róisín Dubh, Caragh Ní Mhóraigh, Isabella Nic Ambróis
2 Cróine :
2 Íde : Albha Hodgett, Aoife Powell,
1 Bréanann : Suzie Lee-Cooper
1 Dónart : Iseult Chaomhánach
1 Néifinn : Ali Ní Riocaird, Zoe Nic Shleimhne