Coláiste Íosagáin

Malartú Gearmáinise

Malartú Gearmáinise

Malartú Gearmáinise

German Exchange

Ón mbliain 2004 tá scéim mhalartaithe ar bun idir Coláiste Eoin / Íosagáin agus an Friedrich Schiller Gymnasium i Marbach am Neckar in aice le Stuttgart sa Ghearmáin. Tá sí mar aidhm ag an malartú seo feabhas a chur ar chumas labhartha na ndaltaí sa Ghearmáinis agus an deis a thabhairt dóibh blaiseadh de chultúr agus saol laethúil na Gearmáine.

Is malartú é seo atá bunaithe ar an gclann agus tarlaíonn an malartú den chuid is mó le linn laethanta saoire scoile. Glacann clann an dalta atá páirteach sa mhalartú freagracht as eagrú agus feitheoireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an dalta ón nGearmáin nuair a bhíonn sé/sí anseo agus déanann an chlann sa Ghearmáin an rud céanna nuair a théann ár ndaltaí go dtí an Ghearmáin.

De ghnáth tagann na Gearmánaigh go hÉirinn ar feadh coicíse le linn laethanta saoire na Cásca. Bíonn an deis ag na Gearmánaigh lá amháin a chaitheamh ar scoil anseo de ghnáth. Téann na hÉireannaigh go dtí an Ghearmáin don chéad choicís de Mhí an Mheithimh.

Maidir le costas, bíonn ar an gclann íoc as an eitilt go dtí an Ghearmáin agus aon chostais a bhaineann le heagrú nó páirt a ghlacadh in imeachtaí nuair atá an dalta ón nGearmáin anseo.

Bíonn áiteanna do dheichniúr (cúigear cailín agus cúigear buachaill) ar an malartú seo agus bíonn an-éileamh ar na háiteanna. Is iad múinteoirí sna scoileanna a shocraíonn cé a fhaigheann áit ar an malartú.

No events found
Leanaigí Sinn
14-Már-2024
Bíodh Craic agus Ceol agaibh ag Lón Chairde Choláiste Eoin-Íosagáin!
29-Feabh-2024
Eolas ón gCruinniú
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Íosagáin