Coláiste Íosagáin

Coiste Gaeilge

Is scoil lánGhaelach í Coláiste Íosagáin agus is í an teanga croílár na scoile. Tá sí mar aidhm ag an gCoiste Gaeilge na daltaí a spreagadh leis an teanga a labhairt sa scoil le bród agus agus le díograis.
Tá ionadaí ag gach rang ar an gCoiste agus bíonn an Captaein Ghaeilge mar chathaoirligh. Bíonn cruinnithe rialta ag an gcoiste ag am lóin agus tá múinteoir ón bhfoireann freagrach as an gcoiste a stiúradh.

Bíonn ionadaíocht láidir ag Bliain a 4 ar an gCoiste agus cabhraíonn siad go mór leis na himeachtaí ar fad i rith na bliana a eagrú. I measc na n-imeachtaí a bhíonn á n-eagrú tá céilithe, ceolchoirmeacha, aoichainteoirí, Seachtain na Gaeilge, postaeirí, comórtas Eurofíse, comórtas Tráth na gCeist agus díospóireachtaí idir ranga.

Eagraítear Cairde Gaeilge idir bhliain a 5 agus bliain a 2 chun an Ghaeilge a chur chun cinn idir na blianta éagsúla. Cuirtear imeachtaí ar siúl i rith na bliana do na Cairde Gaeilge.

Cuireann na himeachtaí seo ar fad le hatmaisféar Gaelach na scoile agus tugann siad deiseanna do dhaltaí an teanga a úsáid ag ócáidí sóisialta taobh amuigh den ghnáthshuíomh ranga / scoile.
Is bealach an-dearfach an Coiste Gaeilge leis an teanga a chur chun cinn sa scoil agus ag an am céanna tugann sé an deis do dhaltaí ó gach bliainghrúpa freagracht a ghlacadh agus a bheith páirteach go gníomhach i saol na scoile.

An Coiste Gaeilge 2022 - 2023

Na Captaein Ghaeilge : Iseult Nic Craith & Lia Ní Chasaide

Baill an Choiste :

1 Bréanann
1 Dónart
1 Néifinn

2 Bríd
2 Cróine
2 Íde

3 Bóinn
3 Life
3 Sionainn

4 Banbha
4 Ériú
4 Fódla

5 Acaill
5 Cléire
5 Gabhla

6 Alltán Lia Ní Chasaide & Guishu Ní Ghréacháin
6 Coirib Iseult Nic Craith & Caoilfhionn English
6 Éirne Jodi Ní Mhuirgheasa & Rachel Pegum
No events found
Leanaigí Sinn
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Íosagáin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath,

01 288 4028


Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Íosagáin